ESPN
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | cable channel (en) subscription television (en) bealach teilifíse speisialtachta | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 7 Meán Fómhair 1979 | ||||
Bunaitheoir(í) | Bill Rasmussen | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Máthaireagraíocht | The Walt Disney Company | ||||
Úinéir | The Walt Disney Company (80%). Hearst Communications (en) (20%). | ||||
Fochomhlacht | |||||
Úinéir de | FiveThirtyEight ESPN 2 (Andino) (en) Fanzter (en) ESPN 3 (Latinoamérica) (en) ESPN+ (Latin America) (en) Jayski's Silly Season Site (en) ESPN 3 (Brasil) (en) ESPN Films (en) ESPN FC (en) ESPN3 Longhorn Network (en) ESPN.com (en) ESPN Extra (en) Grantland | ||||
Suíomh gréasáin | https://www.espn.com/ | ||||
Is líonra teilifíse Meiriceánach dírithe ar chláir spóirt é ESPN (i dtús báire, an Entertainment and Sports Programming Network), faoi chomhúinéireacht Disney (80%) agus Hearst Communications (20%). Bhunaigh Bill Rasmussen an comhlacht sa bhliain 1979 in éineacht lena mhac Scott Rasmussen agus Ed Eagan.
Craolann ESPN go príomha óna stiúideo in Bristol, Connecticut, ach tá oifigí agus stiúideonna acu in Miami, Cathair Nua-Eabhrac, Las Vegas, Seattle, Charlotte, Washington, D.C., agus Los Angeles. Tá James Pitaro ina chathaoirleach ar ESPN faoi láthair, post atá aige ó 5 Márta 2018, tar éis do John Skipper éirí as ar 18 Nollaig 2017. Cé go bhfuil ESPN ar cheann de na líonraí spóirt is rathúla, déantar cáineadh ar ESPN freisin, mar gheall ar chlúdach claonta, coinbhleacht leasa, agus conspóidí le craoltóirí agus anailísithe aonair.
Ó mhí na Samhna 2021, tá ESPN ar fáil i thart ar 76 milliún teaghlach teilifíse sna Stáit Aontaithe — titim 24% ó dheich mbliana roimhe sin.
Chomh maith leis an bpríomhbhealach teilifíse “ESPN” agus na seacht mbealach tánaisteacha sna Stáit Aontaithe (ESPN 2, ESPN 3, srl.), craolann ESPN i níos mó ná 200 tír. Ritheann sé bealaí réigiúnacha san Astráil, sa Bhrasaíl, i Meiriceá Laidineach, agus sa Ríocht Aontaithe freisin. I gCeanada, tá leas airgeadais 20% aige in The Sports Network (TSN) agus ina chúig líonra deirfiúracha.