Freeman John Dyson
Cuma
Fisiceoir a rugadh i gCrowthorne Shasana ab ea Freeman John Dyson (a rugadh ar 15 Nollaig 1923 - 28 Feabhra 2020). D'oibrigh sé sna Stáit Aontaithe an chuid is mó dá shaolré, ag an Institute for Advanced Studies in Princeton New Jersey sa chuid ba mhó. Rinne sé taighde bunúsach ar an teoiric chandamach is an leictridinimic chandamach, ar chobhsaíocht damhna go háirithe. Chuidigh sé leis an díospóireacht phoiblí ar cheisteanna eolaíochta freisin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Freeman John Dyson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 229.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |