Jean Baptiste Biot
Cuma
Fisiceoir Francach ab ea Jean Baptiste Biot (21 Aibreán 1774 – 3 Feabhra 1862). Lena chomhghleacaí Félix Savart, d'fhorbair sé dlí Biot-Savart i 1820 chun an gaol idir sruth leictreach is an réimse iarmharach maighnéadach a rianú. Cuireann sé an réimse mhaighnéadach a chruthaíonn sruth leictreach in iúl. Bíonn an floscdhlús maighnéadach B díreach i gcomhréir leis an sruth I, roinnte ar an bhfad ón sruth. Níl an dlí seo chomh ginearálta le dlí Ampère (agus is féidir é a dhíorthú ón dlí sin), ach is fusa é a úsáid.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Jean Baptiste Biot". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 75.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |