Jump to content

Shay Given

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaShay Given

(2010) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Séamus John James Given Cuir in eagar ar Wikidata
20 Aibreán 1976
48 bliana d'aois
Leifear, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Teanga dhúchaisBéarla
Meáchan84 kg
Airde185 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair, cóitseálaí báireoirí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1991 –
TeangachaBéarla
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtPríomhroinn Shasana
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtBáireoir (sacair)
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Celtic Football Club
1994–1994iasacht Swindon Town F.C. (en) Aistrigh 0(0)
1994–1997 Blackburn Rovers Football Club 2(0)
1996–1996iasacht Swindon Town F.C. (en) Aistrigh 5(0)
1996–1996iasacht Sunderland Association Football Club 17(0)
1997–2009 Newcastle United Football Club 354(0)
2009–2011 Manchester City Football Club 50(0)
2011–2015 Aston Villa Football Club 37(0)
2013–2014iasacht Middlesbrough Football Club 16(0)
2015–2017 Stoke City F.C. (en) Aistrigh 8(0) Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
  Republic of Ireland national under-21 football team (en) Aistrigh
1996–2016   Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann 134(0) Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2016UEFA Euro 2016
2012UEFA Euro 2012
2002Corn FIFA an Domhain 2002 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinshay-given.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: No1shaygiven FIFA: 155823 UEFA: 17865 ESPNFC: 8944 Cuir in eagar ar Wikidata

Cúl báire sacair Éireannach is ea Séamus "Shay" Given (Gaeilge: Séamus Mac Dhuibhín). Rugadh i Leifear i gContae Dhún na nGall é sa bhliain 1976. Ba é Ceiltigh Ghlaschú an chéad chlub ar shínigh sé leis nuair a bhí sé ina leaid óg. Rinne sé an turas fada go hAlbain agus é sé bliana déag d'aois. Chaith sé cúpla bliain ann. Tháinig feabhas ar a chuid scileanna de réir a chéile agus é ag traenáil in éineacht le cúl báirí oilte ar nós Packie Bonner (Pádraig Ó Cnaimshí), Gordon Marshall agus Stewart Kerr. I mí Eanáir na bliana 1994, bhí sé i measc na n-ionadaithe don chluiche Old Firm in aghaidh na Raonaithe.

Níos déanaí sa bhliain sin, d'fhág sé Parkhead agus d'imigh sé go Lancashire, Sasana áit a thosaigh sé ag imirt le Blackburn Rovers. Nuair a bhí sé ann, thug Mick McCarthy deis don Given óg imirt mar chúl báire le foireann na hÉireann. D'imir sé an chéad chluiche lena thír dhúchais in aghaidh na Rúise sa bhliain 1996, agus thug sé taispeántas réasúnta maith. Ag an am céanna, bhí sé deacair dó a áit a choimeád i bhfoireann Blackburn Rovers, toisc go raibh an cúl báire Sasanach Tim Flowers ann chomh maith. Mar sin, chuaigh sé ar dtús go dtí Swindon Town agus ansin go dtí Sunderland chun taithí a fháil. Cheannaigh Newcastle United é sa bhliain 1997 áit inár choinnigh sé a áit idir na póstaí ó shin go dtí 1 Feabhra 2009. Cheannaigh Manchester City F.C. é sa bhliain 2009 i gcomhair thart ar 8 milliún euro.